Eolas

Tá an-taithí ag ár bhfoireann chreidiúnaithe rícháilithe d’aistritheoirí proifisiúnta Gaeilge ar aistriúcháin ó Bhéarla go Gaeilge, ar ateangaireacht agus ar sheirbhísí léimh phrofaí a sholáthar. Ní earcaímid ach aistritheoirí a bhfuil creidiúnú ó Fhoras na Gaeilge nó cáilíocht MA ar a laghad acu.

 

Ní hé amháin go mbaineann siad úsáid as na bogearraí seiceála litrithe agus seiceála gramadaí is déanaí, ach baineann foireann Premier Irish Translation úsáid as na bogearraí cuimhne aistriúcháin is fearr, agus cuireann sé seo ar ár gcumas aistriúcháin chomhsheasmhacha Bhéarla – Gaeilge a chur ar fáil ag rátaí níos ísle.


Bíonn gach duine dár gcuid aistritheoirí nasctha le chéile ar ár gcóras cuimhne aistriúcháin chun aistriúchán Béarla – Gaeilge den chaighdeán is airde a áirithiú agus, mar chuid dár gcóras éifeachtach léimh phrofaí, tugann ár gcuid aistritheoirí creidiúnaithe faoi sheiceáil dhian ar gach ceann de na haistriúcháin a chuirimid ar fáil.


Geallann Premier Irish Translation rátaí iomaíocha agus seachadadh gasta. Ná bíodh leisce ort teagmháil a dhéanamh linn le haghaidh luachana.