Bronnadh céim MA le Gradam sa Staidéar ar Aistriúchán Gaeilge ar Christopher sa bhliain 2010. Bhain sé céim BA sa Léann Ceilteach agus sa Pholaitíocht amach ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, roimhe sin sa bhliain 2008. Is saineolaí aistriúcháin agus gramadaí é Christopher agus fuair sé an Séala Creidiúnaithe ó Fhoras na Gaeilge sa bhliain 2013. Agus é ina shaineolaí san ábhar, sealbhaíonn sé Ard-Dioplóma san Aistriúchán Dlíthiúil (le tuillteanas) ó Chumann Onórach Óstaí an Rí.
christopher@premieririshtranslation.ie

Sealbhaíonn Cormac céim MA sa Ghaeilge (2010) agus céim BA sa Léann Ceilteach agus sa Pholaitíocht (2008) ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. Is speisialtóir teanga atá creidiúnaithe ag Foras na Gaeilge é agus tá an-taithí aige ar sheirbhísí aistriúcháin agus profléitheoireachta de chineál ginearálta agus dlíthiúil a sholáthar do ranna rialtais éagsúla agus don Choimisiún Eorpach. Tá Ard-Dioplóma san Aistriúchán Dlíthiúil (le tuillteanas) aige ó Chumann Onórach Óstaí an Rí freisin.
cormac@premieririshtranslation.ie
Dá mba mhaith leat luachan a fháil le haghaidh obair aistriúcháin, seol ríomhphost chuig info@premieririshtranslation.ie nó chuig ceann amháin de na seoltaí ríomhphoist thuas. Is féidir leat glao a chur orainn ar +44 (0) 778 681 1574 agus ar +44 (0) 770 722 2245 freisin.
Tá leabhrán ina dtugtar forbhreathnú níos cuimsithí ar ár gcuid seirbhísí ar fáil ach é a iarraidh freisin.
Premier Irish Translation Teoranta
50 Céide Ghort na nUan
Dún Geanainn
Co. Thír Eoghain
BT71 6GG