Mar aon leis na haistritheoirí den chéad scoth atá againn, bainimid úsáid as an teicneolaíocht is nuaí agus cloímid le dianphróiseas dearbhaithe cáilíochta chun ardchaighdeán ár gcuid oibre a chinntiú.
Cinntímid, tríd an gcóras cuimsitheach bainistíochta tionscadal atá i bhfeidhm againn, go soláthrófar an t-aistriúchán faoin spriocdháta comhaontaithe i ngach cás.
Tá mórbhunachar sonraí aistriúcháin agus téarmaíochta i bhfeidhm againn, rud a bhíonn á fhorbairt i gcónaí. Ar an mbealach sin, cumasaítear dúinn doiciméid a aistriú go tapa agus go héifeachtúil. Cumasaítear dúinn comhsheasmhacht ó thaobh téarmaíochta agus stíle de a chinntiú freisin.
Tá ár n-aistritheoirí nasctha lena chéile ar ár gcóras cuimhne aistriúcháin agus oibríonn siad i ndlúthchomhar le linn ár bpróisis dhícheallaigh dearbhaithe cáilíochta.
Bímid ar thóir na foirfeachta inár gcuid oibre agus leanaimid próiseas deich gcéim do gach jab aistriúcháin:
1. Tionscadal tiomnaithe agus cuimhne aistriúcháin shonrach a bhunú don chliant, agus aon chorpais agus aon bhunachair shonraí a bhaineann leis an gcliant á gcur leis an tionscadal
2. An doiciméad a iompórtáil isteach inár mbogearraí cuimhne aistriúcháin
3. An doiciméad a shannadh d’aistritheoir agus tús a chur leis an bpróiseas aistriúcháin
4. An t-aistriúchán a chríochnú agus an doiciméad a athbhreithniú
5. An doiciméad aistrithe a rith trí bhogearraí seiceála litrithe agus gramadaí chun a chinntiú go réiteofar aon earráidí atá ann
6. An tionscadal a shannadh do phrofléitheoir agus tús a chur leis an bpróiseas athbhreithnithe
7. Aon athruithe a chomhaontófar idir an profléitheoir agus an t-aistritheoir a dhéanamh
8. An doiciméad deiridh a chomhaontú, an doiciméad ar fad a rith trí na bogearraí seiceála litrithe agus gramadaí an athuair, agus an doiciméad a sheiceáil in aghaidh an phróisis dearbhaithe cáilíochta atá insuite inár mbogearraí aistriúcháin
9. An t-aistriúchán comhaontaithe a easpórtáil amach as ár mbogearraí aistriúcháin agus a chinntiú gurb ionann leagan amach an doiciméid fhoinsigh agus leagan amach an doiciméid aistrithe
10. An t-aistriúchán a sheoladh chuig an gcliant