BAILE ÁR SEIRBHÍSÍ ÁR bPRÓISEAS ÁR nAISTRITHEOIRÍ & TEAGMHÁIL

Scothsheirbhísí Aistriúcháin ó Bhéarla go Gaeilge

Is é Premier Irish Translation Teoranta an príomhsholáthraí seirbhísí aistriúcháin ó Bhéarla-Gaeilge in Éirinn agus tá an-mheas orainn mar gheall ar a chruinne atáimid agus ar an gcáilíocht seirbhíse a sholáthraímid.


Tá ár n-aistritheoirí ardcháilithe, tá taithí shuntasach acu ar réimse an aistriúcháin agus oibríonn siad i ndlúthchomhar lena chéile, á chinntiú go bhfuil gach jab aistriúcháin cruinn agus go dtugtar fúthu ar bhealach críochnúil mionsonraithe.


Mar gheall ar ardchaighdeán ár bpróiseas agus ár n-aistritheoirí, is sinne an chuideachta is airde rangú faoin gCreat-Chomhaontú Náisiúnta le haghaidh Seirbhísí Aistriúcháin agus Profléitheoireachta Gaeilge a Sholáthar.


Táimid ar thús cadhnaíochta na teicneolaíochta agus bímid ag infheistiú i gcónaí sna bogearraí aistriúcháin agus Gaeilge is déanaí ar mhaithe lenár bpróiseas aistriúcháin a éascú. Tá mórbhunachar sonraí aistriúcháin agus téarmaíochta i bhfeidhm againn, rud lena gcuirtear lena éifeachtúla atá ár gcuid oibre agus lena gcabhraítear linn aistriúcháin atá comhsheasmhach agus curtha in oiriúint don chliant a sholáthar.


Tugaimid an tseirbhís aistriúcháin is fearr atá ar fáil, agus sinn ag obair laistigh de spriocdhátaí dochta go minic. Is sinne a d’aistrigh na straitéisí, na beartais agus na píosaí reachtaíochta is tábhachtaí a foilsíodh le blianta beaga anuas freisin.


Tá díocas chun aistriúcháin agus chun na Gaeilge orainn agus soláthraímid gach seirbhís aistriúcháin ar bhealach béasach, gairmiúil agus pras agus de réir an chaighdeáin is airde.

 

Tuilleadh Faisnéise »

 

Christopher agus Cormac Donaghy, ár n-aistritheoirí, in éineacht leis an Uachtarán Barack Obama, Baile Átha Cliath, 2025
Christopher agus Cormac Donaghy, ár n-aistritheoirí, in éineacht leis an Uachtarán Barack Obama, Baile Átha Cliath, 2025
Christopher agus Cormac Donaghy, ár n-aistritheoirí, in éineacht leis an Taoiseach Leo Varadkar, Baile Átha Cliath, 2025
Christopher agus Cormac Donaghy, ár n-aistritheoirí, in éineacht leis an Taoiseach Leo Varadkar, Baile Átha Cliath, 2025
Sa phictiúr: An Séala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí ó Fhoras na Gaeilge á bhronnadh ag Donnchadh Mac Fhionnlaoich, an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, ar Cormac Donaghy agus ar Christopher Donaghy, aistritheoirí Premier Irish Translation
An Séala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí ó Fhoras na Gaeilge á bhronnadh ag Donnchadh Mac Fhionnlaoich, an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, ar Cormac Donaghy agus ar Christopher Donaghy, aistritheoirí Premier Irish Translation